Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Eolas faoin gCoimisiún Eorpach

Faigh amach faoi ról an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le tús feidhme a chur le beartais an Aontais agus iad a chur chun feidhme. 

Ról an Choimisiúin Eorpaigh

An chaoi a molann sé dlíthe nua agus a gcuireann sé i bhfeidhm iad

An chaoi a ndéanann sé buiséad agus maoiniú an Aontais a mholadh agus a chur i bhfeidhm

An chaoi a ndéanann sé beartas forbartha a dhearadh, comhaontuithe a chaibidliú agus cúnamh a chur ar fáil ar fud an domhain

An chaoi a n-eagraítear an Coimisiún Eorpach

Ceannaireacht pholaitiúil

Stiúrann Coláiste ina bhfuil 27 gCoimisinéir, faoi stiúir Uachtarán an Choimisiúin, obair an Choimisiúin. Oibríonn na Coimisinéirí ar thosaíochtaí beartais sonracha, tosaíochtaí a leagann Uachtarán an Choimisiúin amach.

Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Tá an Coimisiún eagraithe mar seo a leanas:

  • Ranna beartais, ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí, atá freagrach as réimsí beartais éagsúla. Is iad a dhéanann beartas, dlíthe agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a bhainistiú.
  • Ranna seirbhíse a bhíonn ag plé le saincheisteanna sonracha riaracháin
  • Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhainistíonn na cláir a chuireann an Coimisiún ar bun

Liosta na nArd-Stiúrthóireachtaí agus na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin

Oifigí an Choimisiúin

oifig ionadaíochta amháin ar a laghad ag an gCoimisiún Eorpach lonnaithe i ngach Ballstát, agus tá an oifig sin i gceannas ar chumarsáid agus ar eolas ar an leibhéal áitiúil.

Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bhainistíonn na hoifigí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, ar a dtugtar Toscaireachtaí an Aontais. Cuireann siad leasanna agus beartais an Aontais chun cinn chomh maith le cláir for-rochtana éagsúla a dhéanamh

Caighdeáin agus prionsabail seirbhíse

Déanann prionsabail áirithe obair an Choimisiúin a threorú: trédhearcacht, iompar eiticiúil, comhdheiseanna, ilteangachas, chomh maith le claochlú digiteach agus an tionchar ar an gcomhshaol. 

Comhairliúcháin, cláir thrédhearcachta, rochtain ar dhoiciméid, agus tairbhithe chistiú an Aontais

Úsáid teangacha chun eolas a chur ar fáil don phobal agus chun idirghníomhú leo

An Coimisiún mar fhostóir

Oibríonn an Coimisiún de shíor chun ionad oibre agus gairmeacha beatha nua-aimseartha a thairiscint dá fhoireann, agus chun na daoine is fearr a mhealladh agus a choinneáil ar fud Bhallstáit uile an Aontais. Cuidíonn daoine atá ag obair sa Choimisiún Eorpach chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus is gá dóibh feidhmiú ar an leibhéal is airde ar mhaithe le gach Eorpach.

Príomhfhigiúirí faoi fhoireann an Choimisiúin

Naisc ghaolmhara

Bealaí chun páirt a ghlacadh inár gcuid oibre, idir páirt a ghlacadh i gceapadh beartas agus iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Aontas

An bhfuil ceisteanna agat don Choimisiún nó faoin gCoimisiún? Seo chugat ár sonraí teagmhála