Dlí an Aontais Eorpaigh atá i bhFeidhm
Conarthaí an Aontais Eorpaigh
Comhaontuithe ceangailteacha idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh atá sna conarthaí. Leagtar amach iontu cuspóirí an Aontais Eorpaigh, na rialacha i gcomhair institiúidí an Aontais, an tslí a ndéantar cinntí agus an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Reachtaíocht an Aontais Eorpaigh
Is é an chaoi a mbaintear amach aidhmeanna an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad i gconarthaí an Aontais trí chineálacha éagsúla gníomhartha dlíthiúla, arb iad rialacháin, treoracha agus cinntí na príomhghníomhartha. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Comhaontuithe idirnáisiúnta
Úsáidtear comhaontuithe idirnáisiúnta chun cuidiú leis an Aontas Eorpach a chuspóirí beartais a bhaint amach. Déanann an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidiliú agus a thabhairt i gcrích le tíortha nach den Aontas iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta araon, cuir i gcás an Eagraíocht Dhomhanda Trádála nó na Náisiúin Aontaithe. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.
Cásdlí
Is éard a chuimsítear i gCásdlí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnais agus orduithe, tuairimí agus dearcthaí Abhcóidí Ginearálta chomh maith le tuairimí na Cúirte maidir le dréachtchomhaontuithe idir an tAontas Eorpach agus tíortha nach den Aontas iad nó eagraíochtaí idirnáisiúnta. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil.