Sula ndéanann tú gearán linn

Ar dtús, ní mór duit gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht poiblí, ag úsáid nósanna imeachta inmheánacha an chomhlachta sin.

Conas a úsáidim nós imeachta inmheánach chun gearán a dhéanamh ar dtús?

In Alt 38 den Acht um Míchumas, deirtear go bhféadann duine, nó duine sonraithe (féach thíos), gearán a dhéanamh i scríbhinn chuig ceann comhlachta phoiblí mura bhfuil an comhlacht poiblí sin ag leanúint an dlí mar a imlínítear é in Ailt 25, 26, 27, 28 nó 29 den Acht.

D'fhéadfadh duine sonraithe a bheith::

  • ina fhear céile nó bean chéile, tuismitheoir nó gaol de dhuine faoi mhíchumas
  • ina chaomhnóir nó duine atá ag feidhmiú ar son duine faoi mhíchumas
  • ina ionadaí dlíthiúil de dhuine faoi mhíchumas
  • abhcóide pearsanta sannta ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine sin

Cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin?

Caithfear do ghearán a chur ar aghaidh chuig Oifigeach Fiosrúcháin le himscrúdú. Deirtear san Acht um Míchumas nach mór do chomhlachtaí poiblí Oifigigh neamhspleácha Fhiosrúcháin a chur i bhfeidhm. An jab atá acu ná scrúdú a dhéanamh ar ghearáin. Caithfidh gach comhlacht poiblí doiciméad a fhoilsiú freisin le treoirlínte faoin gcaoi a láimhseáiltear gearáin.

Caithfidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuairisc a scríobh le torthaí an imscrúdaithe agus cóip a thabhairt do cheann an chomhlachta phoiblí a ndearna tú gearán faoi agus cóip a thabhairt duitse nó don duine a rinne an gearán ar do shon freisin. Ní mór go léireoidh an tuairisc sin an méid a fuair an tOifigeach Fiosrúcháin faoi do ghearán agus an cinneadh a rinne sé/sí. Má bheartaíonn an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuil do ghearán bailí, ní mór don tuairisc a rá cad a chaithfidh an comhlacht poiblí a dhéanamh anois chun an fhadhb a réiteach.

Ní mór go ndéanann na hOifigigh Fiosrúcháin imscrúdaithe ar mhodh príobháideach.

Ní mór eolas faoin gcaoi chun gearán a dhéanamh a chur san áireamh i ngach plean earnála.

Má dhéanann tú gearán faoin Acht um Míchumas, cad is féidir leis an Ombudsman a dhéanamh?

Más rud é go ndearna tú gearán agus nach bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifigigh Fiosrúcháin, is féidir leat iarraidh ar an Ombudsman do ghearán a fhiosrú. Más faoi phlean earnála do ghearán agus mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifigigh do Ghearáin, is féidir leat iarraidh ar an Ombudsman do ghearán a scrúdú.

Má aimsíonn an tOmbudsman fadhb leis an gcaoi ar láimhseáladh do ghearán, is féidir leis nó léi a mholadh go ndéanann an comhlacht poiblí:

  • athfhéachaint ar do ghearán
  • gníomhartha ar leith a ghlacadh chun an scéal a fheabhsú
  • a ghníomhartha a mhíniú don Ombudsman

Is féidir leis an Ombudsman freagra ar an moladh/na moltaí a lorg faoi dháta áirithe.

Conas a dhéanaim gearán?

Is féidir do ghearán a chur isteach chuig ár n-oifig:

  • trí ríomhphost
  • tríd an bpost
  • trí chuairt a thabhairt ar ár n-oifig i mBaile Átha Cliath nó
  • ag ár gcuairteanna For-Rochtana

Agus tú ag cur do ghearán isteach tabhair dúinn na doiciméid a leanas le do thoil, má tá siad agat:

  • do ghearán chuig an gcomhlacht poiblí
  • an freagra a fuarthas ón gcomhlacht poiblí agus tuairisc an Oifigigh Fiosrúcháin
  • aon doiciméad eile a d'fhéadfadh a bheith cabhrach dúinn

Is féidir le duine eile gearán a dhéanamh linn ar do shon, má thugann tú cead scríofa dóibh é sin a dhéanamh. Más mian leat gearán a dhéanamh linn ar son duine eile, ní mór duit a c(h)ead scríofa a fháil. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin gcaoi a láimhseálaimid gearáin a dhéantar ar son duine eile.

Cuirimid cabhair ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar mhaith leo rochtain a fháil ar ár gcuid seirbhísí. Má tá cabhair uait i dtaobh rochtain a fháil ar ár gcuid seirbhísí, déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana le do thoil:

Oifigeach Rochtana: Mary Connery
Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
Teileafón: 01-6395635
R-phost: [email protected]
Faigh tuilleadh faisnéise faoi inrochtaineacht agus ár gcuid seirbhísí..

Cad a chosnóidh sé?

Dada. Níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman

Cé hiad na comhlachtaí poiblí a chumhdaítear faoin Acht um Míchumas 2005?

Ciallaíonn "comhlacht poiblí":

  • Roinn Stáit
  • Oifig an Uachtaráin
  • Oifig an Ard-Aighne
  • Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • Oifig Thithe an Oireachtais
  • údarás áitiúil
  • an FSS
  • duine, comhlacht nó eagraíocht (seachas Óglaigh na hÉireann) a bunaíodh:
    • (i) faoi aon achtúchán (seachas Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2003)
    • (ii) faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963 go 2003

Más mian leat fáil amach an gclúdaítear comhlacht poiblí áirithe ag an Acht um Míchumas, ba chóir duit fiafraí den chomhlacht poiblí sin nó den Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.