Jump to content

Tadhg Ó Grifín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTadhg Ó Grifín
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, ceoltóir, cumadóir amhrán Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPopcheol, snagcheol, rac-cheol, ceol traidisiúnta na hÉireann agus func
UirlisCeol gutha agus méarchlár ceoil

Youtube: sexy-tadhg TikTok: sexytadhg Bandcamp: tadhgofficial Souncloud: tadhg1 Spotify: 7lOuuJ3uZ9G5eqgeIHG6wJ iTunes: 1314988599 Deezer: 252164382 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí agus scríbhneoir amhrán Éireannach é[1] Tadhg Ó Grifín. Bíonn gnéithe de cheol traidisiúnta agus den snagcheol, den fhunc agus den rac-cheol le cloisteáil ina shaothar agus ar na téamaí a théann sé i ngleic leo tá an grá, an léargas agus an féinghlacadh.

Is minic Tadhg agus a bhanna ar an stáitse ag Féile na Gealaí, ag Féile Liú Lúnasa, ag an Oireachtas, ag an bPicnic Leictreach, agus ag tráthanna nach iad.[1] Shroich sé lucht féachana domhanda mar chuid de Global Pride 2020. Pictiúr de Thadhg faoin teidil "You'd Better Obair" a bhí ar chlúdach ar an gcéad eagrán den iris The Out Mag a fhoilsíonn lucht Bhród Cheatharlach.[2]

Stíl[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Tá réalta nua pop inár measc gan dabht" ab ea tuairim Emma Ní Chearúil tar éis gur bhain a chur i láthair "mealltach fuinniúil" siar as lucht féachana Fhéile na Gealaí 2019.[3] Níor taise do lucht Hotpress i ndiaidh gig dá chuid in éineacht le GrooveLine in 2023 sa Grand Social mar a chuir sé an slua faoi gheasa.[4] Tá Tadhg ar dhuine de na ceoltóirí is spreagúla in Éirinn dar leo, agus foinn agus teacht i láthair ann amhail Queen, Elton John agus Lady Gaga, i dteannta croí agus ceolmhaireacht leithéidí Erykah Badu, Stevie Wonder, Aretha Franklin agus Whitney Houston.[5]

Chas sé mar chuid d'Egg Cabaret agus tá ceabairé le brath ar a thaibhiú, dar le Sinéad Gleeson, le smut de Prince, Rufus agus Elton John ann, agus cur chuige aiteach drag aige.[6] Deir sé féin go dtugann banríonacha drag inspioráid go leor dó le taibhseacht a gcuid feisteas agus go háirithe an chaoi a réitíonn siad gach rud lena dhá lámh féin, a deir sé, agus carachtair á gcruthú acu ón mbonn aníos.[2]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thuil na hamhráin Abhainn an Ghrá agus Mise agus Tusa ainmniúcháin do Thadhg ag Gradaim NÓS sa chatagóir Amhrán na Bliana agus fuair sé ainmniúcháin i gcomhair an teidil Nuíosach na Bliana freisin.[7][8][9]

Bhí Tadhg ina mholtóir ar chraobh na hÉireann de chomórtas amhrán nua na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024.[10]

Chaith Tadhg tréimhse in 2024 ar Chléire mar ealaíontóir cónaitheach de chuid AAG ag plé leis an dtéama An Todhchaíochas Gaelach.[11]

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ride the Wave (2024)
  • Think Of Me - Recorded Live in Whelans (2022)
  • Space Love Extended Version (2021)
  • Space Love (2021)
  • Casadh An tSúgáin (2021)
  • Mo Dhomhain Féin (2021)
  • Macánta (2021)
  • Mise ‘Gus Tusa (feat. Geal) (2018)
  • Abhainn an Ghrá (2018)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Tadhg Ó Grifín". AerachAiteachGaelach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Meitheamh 2024.
  2. 2.0 2.1 Intern GCN (27 Bealtaine 2021). "Watch: Tadhg Griffin releases stunning video for debut single 'Space love'" (en). GCN. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 Bealtaine 2021. Dáta rochtana: 2024-06-18.
  3. Emma Ní Chearúil (2019-06-20). "Tá mé scriosta fós i ndiaidh Fhéile na Gealaí ach rinne sí leas do m’anam!". Tuairisc.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 20 Meitheamh 2019. Dáta rochtana: 16 Meitheamh 2024.
  4. Riccardo Dwyer (06 Nollaig 2023). "Live Report: Grooveline bring the funking house down at The Grand Social". Hotpress. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Eanáir 2024. Dáta rochtana: 17 Meitheamh 2024.
  5. Kate Brayden (13 Meán Fómhair 2022). "Tadhg announces Grand Social conceptual headline show". Hotpress. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Meán Fómhair 2022. Dáta rochtana: 18 Meitheamh 2024.
  6. Sinéad Gleeson (11 Aibreán 2024). "Something For The Weekend: Sinead Gleeson's cultural picks". RTÉ. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 13 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 18 Meitheamh 2024.
  7. "Gradaim NÓS 2018". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Aibreán 2020. Dáta rochtana: 20 Meitheamh 2024.
  8. "Gradaim NÓS 2019". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 20 Meitheamh 2024.
  9. "Gradaim NÓS 2020". NÓS. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 19 Aibreán 2024. Dáta rochtana: 20 Meitheamh 2024.
  10. Zoé Piater (23 Eanáir 2024). "14 Songs and the Judges announced for the Pan Celtic National Song Contest 2024" (en-IE). IMRO. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 16 Meitheamh 2024. Dáta rochtana: 2024-06-16.
  11. "Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024". AerachAiteachGaelach (05 Nollaig 2023). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 25 Márta 2024. Dáta rochtana: 17 Meithmeamh 2024.