Leanaí, Tuismitheoirí agus Cosaint Sonraí: An bhféadaim gearán a dhéanamh thar ceann leanbh de mo chuid?

Is cosúil go síltear le teann míthuisceana nach bhfuil na cearta céanna ag leanbh maidir le cosaint sonraí agus atá ag an duine fásta, ach is cinnte gur míthuiscint sin.  Tá feidhm ar an gcuma chéanna maidir le leanbh agus le duine fásta leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018 (Acht na bliana 2018).  Faoi Alt 29 Acht na bliana 2018, is leanbh duine atá faoi bhun 18 mbliana d'aois.  Cé gur ionann na prionsabail maidir le cosaint sonraí atá le cur i bhfeidhm gan bheann ar aois an linbh, is fairsing an réimse aoise, ó thaobh cúrsaí forbartha, 0 go dtí 18 mbliana d'aois agus ní foláir dá bhrí sin tosca eile a thabhairt san áireamh chomh maith.  Neamhspleách ar aois an linbh, is den tábhacht go dtugann daoine fásta chun aire gur amhlaidh is sonraí pearsanta de chuid an linbh sonraí pearsanta ar bith a bhaineann leis an leanbh sin agus nach dtagann athrú air sin.  Ní le haon duine eile, mar shampla tuismitheoir/caomhnóir, sonraí den sórt sin agus ní bhíonn tuismitheoirí/caomhnóirí i dteideal na sonraí pearsanta sin ar bhonn na tuismitheoireachta/caomhnóireachta amháin.

I gcomhthéacs faoi leith réimse na gcúrsaí ar líne ("seirbhísí sochaí faisnéis"), tá cosaint is déine arís i gceist maidir le sonraí leanaí.  Mar shampla, 16 bliana d'aois an aois linbh a shonraítear maidir leis an ré digiteach agus tá sé mídhleathach próiseáil ar bith a dhéanamh ar shonraí pearsanta an linbh atá faoi bhun 16 bliana d'aois gan toiliú tuismitheora/caomhnóra leis sin.

Ní ar an réimse ar líne a dhírítear leis an nóta treorach seo, áfach, ach féachtar le cuidiú le tuismitheoirí/caomhnóirí tuiscint a fháil ar bhealach is ginearálta ná sin ar chearta a gcuid leanaí maidir le cosaint sonraí a fheidhmiú le heintitis agus le heagraíochtaí i gcomhthéacsanna éagsúla, mar shampla scoileanna, seirbhísí leighis agus fiú amháin ionaid spraoi.  Chomh fada agus a bhaineann leis an gcáipéis seo, is tagairt an nath  “tuismitheoir/caomhnóir” ag an DPC d'aon duine is caomhnóir linbh faoin dlí, ábhar a phléitear thíos.

Leanaí, Tuismitheoirí agus Cosaint Sonraí: An bhféadaim gearán a dhéanamh thar ceann leanbh de mo chuid?